Coláiste Daibhéid

Tá Coláiste Daibhéid suite ar an Ardán Theas, le breis spáis agus áiseanna ag Teach Buckingham in aice láimhe. Bunaíodh an scoil chun oideachas trí Ghaeilge ag an dara leibhéal a chur ar fáil ar an dtaobh ó dheas de chathair Chorcaí. Tá sé gar do na bealaí bus ón dtaobh theas den chathair agus trí lár na cathrach I gcoitinne. Ainmníodh an scoil in onóir do Mhicheál Mac Daibhéid, tírghráthóir agus duine de bhunaitheoirí Chonradh na Talún.

Bunaíodh an scoil i 1993 agus bhí sé suite ar feadh tamaill sa Dúghlas. Aistríodh é go dtí Sráid Mhuire i lár na cathrach agus go dtí an Ardán Theas i 1996. Tugadh aitheantas buan don scoil i 1999.

E-mail : oifig@colaistedaibheid.ie
Tel : 021 4319016
Fax: 021 4323418

Web:www.colaistedaibheid.ie

Last Updated: Thursday, 20-Jan-2011 10:09:13 GMT